A Rí An Domhnaigh
Lyrics: Tomás Rua Ó Súilleabháin (1785-1848)
While attending school in Dublin Tomás Rua became seriously ill and
was sent to the fever hospital in Cork Street. Fearful and lonely he penned
this heartfelt plea to Jesus, Mary and Saint Brigid and he saw the advent
of spring as a sign of hope and relief.
A Rí an Domhnaigh, tar le cabhair chugham is tóg in am ón
bpéin mé.
A Rí an Luain ghil, bíse buan liom is ná lig uaitse
féin mé.
A Rí na Máirte, a chroí na Páirte, déan
díonadh Lá an tSléibhe dhom.
A Rí Céadaoine, ná fulaing i ngéibhinn mé
cé fada óm' chaomhghin féin mé.
A
Rí Déardaoine, maith ár bpeacaíne do dhein do
dhlí a réabadh.
A Rí na hAoine, ná coinnigh cuimhne ar mo dhrochghníomhartha
baotha.
A Rí an tSathairn go síoraí achainím mé
a thabhairt thar Acheron chaorthainn.
Faoi dhíon do thearmainn, trí ríocht an Aifrinn, suas
go Parthas Naofa.
A
Bhanríon oirirc, a Bhanríon shoilbhir, a Bhanríon sholais
na gréine!
Ní haon tsaibhreas atá uaim ortsa ach leigheas ar dhochar
mo phéine.
Na sluaite borba a bhí ag gabháil ormsa is a rug im' chodladh
orm tréimhse,
Cuir cogadh orthu mar churadh cosanta is tabhair ón ngoradh Lá
an tSléibhe mé
A
Bhanríon álainn go bhfuil na grásta ort ó liúim
go hárd agus glaoim ort,
Ó's tusa máthair an Linbh ghrámhair déag don
pháis dár saoradh.
Is é seo láithreach am an ghátair is mé gan
cairde taobh liom.
Ó tar im láthair, cabhraigh lámh liom is ná
lig don bhás mé a thraochadh.
A
bhán- Naomh Bhríde go bhfuil do lá ar shlí chughainn,
Ó tar dom dhíon is dom aoireacht,
Is an aicíd choimhthíoch atá ar mo dhroimse ná
lig im' chroí aon ghaoth dhi.
Ó pé ar domhan díomais atá ar mo thíse
tógse arís mo chréachta,
Is le cúnamh Íosa go dtabharfad droim leis an bpeaca do chloígh
na céadta.
Níl
aon dochtúir dá raibh im thimpeall dá mhéid
den liacht a léadar,
Nach bhaighfí sínte le plá na doighe seo dá
dtéadh aon saighead ina ngaobhar di
Ní mhaithfead choíche do Sheán Ó Ríordáin
me a chur i dtíos leo in aon chor.
Dá nglacfadh bíog mé ná laige intinne ní
thabharfadh a ndícheall saor mé.