Maidin Bhog Álainn


WORDS: Tomás Rua Ó Súilleabháin (1785-1848)
MUSIC: Trad. Arr. Tim Dennehy.

This is the first of two songs on the album written by Tomás Rua. He was born in Derrynane, Co. Kerry and was a contemporary and close friend of Daniel O'Connell. A collection of his work, 'Amhráin Thomáis Rua'; was published in 1914 and re-published in 1985. His poetry documents the local and political events of the time.
Maidin Bhog Álainn (a beautiful soft morning) commemorates a sea voyage to Sceilig Mhór to celebrate Mass on St. Michael's Day. A fierce storm arose and when the crew eventually reached shore Tomás Rua composed the song giving thanks to God and praising the boat and boat-maker.

Maidin bhog álainn i mBá na Scealg
'Dul ag triall chum aifrinn ghrámhair Dé,
D'eirigh an tsuaill rómhór sa bhfarraige;
Le fuadar fearthainne, d'ardaigh gaoth.
Do mhachnaigh an chriú, 'gus is umhal do chasadar,
Ag déanamh an chuain anuas chum Dairbhre,
Nuair bhéic an fear stiúir, as mo shuan do phreabas-sa;
Do bhíos im chodladh is dúisíodh mé.

Cé chífeadh an bád ar bhá an mhaidean úd,
Sá sé maide uirthi, is dob ard í a léim.
Nuair scaoileadar cnáib agus gardaí rámha uirthi
Gach clár ag cnagadh, agus í ag rás mar philéar!
Dheineamar í stiúradh ar chúrsa tarraingthe,
Sruthanna ag brú le siúl na hanairte
Ní raibh luascadh ar an linn ón mBaoi go Daingean siar
Go ndeachamair go Carraig ghlas ard na Naomh.

Bhí Carraig Lomáin mar chráin ag screadadh romhainn;
Ar tí sinn d'alpadh lenár dtaobh chlé;
Bealach na nÉamh do ghéim mar tharbh romhainn,
Is dar ndóigh níor thaise don Ghearánaigh éamh.
Céad moladh le hÍosa Críost nár cailleadh sinn!
Is ná fuarthas sinn sínte i nduibheagán farraige.
Ach fanam arís go dtige an calma
Agus racham don Charraig le cúnamh Dé.

Bhí an tAthair Diarmaid go dian ag agairt
Ar Rí na nAingeal an chriú theacht saor,
Agus chualathas thuas é in uachtar Pharthais,
Nuair a dúirt an phaidir os ár gcionn go léir.
Ghlanamair Pointe Rinn' gil' Cathrach,
Bhí an Góilín thíos go mín tais calma.
Níor stadamair den scríob go ndeachamair dhon Chaladh
Is d'ólamair fleagan i dtigh Sheáin Mhic Aodha.

Bhí an fhoireann úd fuar tar éis uain na farraige.
Nuair dob fhonn leis an sagart an chriú do théamh,
Thóg sé leis suas iad go cuan an mhaitheasa,
Ar bhruach an teaghlaigh úd Sheáin Mhic Aodha.
D'fhanamair ansiúd ag diúgadh na bharaille,
Mar a raibh fairsinge dhen lionn le fonn á scaipeadh againn;
Sinn ag faire ar gach uain go huair na maidine,
Agus an uain gur sheasaimh go fáinne an lae.

Is deacair an bád a cháineadh geallaim díbh,
Le grásta an Araid-Mhic tháinig saor,
Thug an fhoireann úd slán ó Bhá na Scealg
An lá bhí anaithe ard san aer.
Cá bhfuil an t-árthach le faíl dob fhearra
A ghearrfadh cosán trí lár na mara?
Dá dheasca sin táimse 'fágaint barra
Ag an mbáidín greanta sin Sheáin Uí Néill!